Ó tosaíodh ionradh na Rúise ar an Úcráin gan chúis gan údar, agus ó cuireadh calafoirt na hÚcráine faoi imshuí, ní raibh an Úcráin in ann a cuid táirgí a easpórtáil chuig cinn scríbe ar fud an domhain trí na gnáthbhealaí. Cuireann an staid sin slándáil bia ar fud an domhain i mbaol; bhí géarghá le bealaí malartacha.
Mar chuid de fhreagairt dlúthpháirtíochta an Aontais leis an Úcráin, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair a Phlean Gníomhaíochta maidir le Lánaí Dlúthpháirtíochta chun cabhrú leis an Úcráin a cuid táirgí a easpórtáil ar iarnród, ar bhóithre agus ar uiscebhealaí intíre.
Inniu, tá na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin ina líne tharrthála do gheilleagar na hÚcráine.
Tuilleadh eolais
Bileog eolais: Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin